Cúrsaí Ceannaireachta

Cuireann muid cúrsaí traenála ar fáil dár scoláirí chun a bheith mar cheannairí  chun teacht chun coibre linn lenár bhfoireann óg tréitheach le linn na cúrsaí

Tá 3 chúrsaí Ceannaireachta:

  • Leibhéal 1 CeannaireachtaLevel 1 Youth Leadership
  • Leibhéal 2  Ardchinnirí
  • Leibhéal 3 Maoirseoirí Oíche

Is céim chun cinn gach cúrsa ar dréimire UISCE agus spreagann muid scoláirí barr feabhais a bhaint amach ag na heachtraí, daoine eile a stiúradh agus a bheith mar pháirt den fhoireann UISCE.

Caithfear leibhéal 2 nó a 3 a bheith bainte amach ag scoláirí chun a bheith mar Ard-Chinnire nó Maoirseoir Oíche faoi seach.

Credieann muid i bhforbairt pearsanta, tógáil muiníne agus scileanna ceannaireachta.

Tá na scileanna seo tábhachtach do scoláirí chun seasamh amach ón slua níos déanaí sa saol agus iad ag lorg fostaíochta nó ag dul i mun cúrsa Ollscoile. Tá iar-scoláirí againn taréis buíochas a ghabháil linn as ucht na scileanna agus eispearas a fuair siad ar an cúrsa traenála seo.

Leibhéal 1 Cúrsa Ceannaireachta

Tá cúrsa úrna spraíúil againn dírithe dóibh siúd le ard-caighdeán sa Ghaeilge agus grá don teanga cheana féin. An sprioc atá ann ná do scileanna ceannaireachta, cumarsáide agus féin-muiníne a fhorbairt, chomh maith le scileanna fadhb réiteach a fheabhsú agus foghlaim conas seasamh amach ón slua. Mar is gnath ar chúrsa UISCE, beidh eachtraí éagsúla ar muir is ar tír ar fáil ar an gcúrsa seo: Seoltóireacht, Clársheoladh, Caigheacáil, Tonnmharcaíocht chomh maiht le céilithe agus an cómórtas amhránaíocht. Mothóidh tú athnuaite agus úr san fharraige agus réidh do na dúshlain ós do chomhair.Tuilleadh eolais anseo

Leibhéal 2 Ardchinnirí

Cuirtear deiseanna ar fáil ar an gcúrsa áirithe seo, forbairt a dhéanamh ar scileanna ceannaireachta chomh maith le scileanna cumarsáide i suíomh dearfach foghlama. Coimeadtar caighdeán faoi laeith ar an gcúrsa seo chun cinntiú gur féidir leat údarás agus dualgais a chleachtadh agus tú ag stiúradh daoine eile. An príomh-sprioc atá ar an gcúrsa seo ná muinín a thabhairt duit a bheith in ann seasamh amach ón slua, a bheith comh éifeachtach agus is féidir leat agus do phearsantacht a fhorbairt fad is atá tú ag deileáil le daoine óga.Tuilleadh eolais anseo

Leibhéal 3 Maoirseoirí Oíche

Dearaíodh an cúrsa seo chun scoláirí/Ard-Chinnirí a thraenáil le bheith mar chuid den fhoireann Maoirseoireachta in UISCE. Seo céim a 3 sa chlár cheannaireachta. Cruthaíodh an cúrsa seo go speisialta chun traenáil a chur ar fáil do gach duine ar na scileanna cuí chun aire ceart a thabhairt do na scoláirí Gaeltachta agus an caighdeán a choiméad ard sa Choláiste.Tuilleadh eolais anseo

It’s a really amazing place, the staff are really helpful and understanding and they have great experience. An amazing way to spend two weeks.

Jack Robert