Leibhéal 2 – Cúrsa Traenála do Chinnirí

Seoltóireacht

Cuirtear deiseanna ar fáil ar an gcúrsa áirithe seo, forbairt a dhéanamh ar scileanna ceannaireachta chomh maith le scileanna cumarsáide i suíomh dearfach foghlama. Coimeadtar caighdeán faoi leith ar an gcúrsa seo chun cinntiú gur féidir leat údarás agus dualgais a chleachtadh agus tú ag stiúradh daoine eile. An phríomhsprioc atá ar an gcúrsa seo ná muinín a thabhairt duit a bheith in ann seasamh amach ón slua, a bheith comh éifeachtach agus is féidir leat agus do phearsantacht a fhorbairt fad is atá tú ag deileáil le daoine óga.

Cuirtear agallaimh ar gach duine ar an gcúrsa seo chun measúnú a dhéanamh ar do chaighdeán Gaeilge, do chumas cumarsáide agus do chumas sa ról seo.

Níl ach méid áirithe post mar Cinnirí gach bliain. Ní chinntíonn freastal ar an gcúrsa post a fháil mar Cinnire.

An Ról

  • Tá ról an-tábhachtach ag an gCinnire sa Choláiste.
  • Is ról dúshlánach é le go leor freagrachtaí.
  • Cabhraíonn an Cinnire le atmaisféar Gaeilge a chruthú agus a chur chun cinn sa Choláiste agus sa lóistín leis an mBean an Tí.
  • Tugtar deiseanna dóibh páirt a ghlacadh leis na heachtraí uisce agus na gníomhaíochtaí eachtraíochta.
  • Cuireann na Cinnirí feabhas ar a gcuid Gaeilge féin chomh maith lena gcuid scileanna cumarsáide agus ceannaireachta.

Siollabas agus Cuspóirí an Chúrsa

Traenáil sa réimse a leanas

  • Scileanna ceannaireachta
  • Sláinte agus Sábhailteacht
  • Guaiseacha Dóiteáin
  • Féin-muinín a fhorbairt
  • Ambasadóirí don teanga

Conas deileail le

  • Uaigneas baile
  • Cúram leanaí
  • Bulaíocht

An gcomhlíonann tú na crítéir?

  • Ard Caighdeán Gaeilge
  • Cúig bliana déag d’aois
  • Sé bhliana déag d’aois chun a bheith mar Cinnire
  • Suim faoi leith sa spórt
  • Suim agat a bheith mar “Ceannaire”

Dátaí

Reachtáltar an cúrsa seo amháin le linn an sos lár-téarma i mí Dheireadh Fómhair. Cuir áit san áireamh luath chun díomá a sheachaint mar bíonn uimhreacha níos ísle ar an gcúrsa seo chun cinntiú go bhfaigheann gach duine deis chun an t-aicsean a dhéanamh agus a bheith mar chuid den chéad glúin eile do Chinnirí.

Each year I came home bursting with self confidence, amazing memories, heaps of new friends and of course a WHOLE new outlook grasp on the Irish language.

Aaron Kelly