Ceisteanna choitianta (FAQ)
Eolas Ginearálta
Is ea, cé go mbíonn éagsúlachtaí ó chúrsa go cúrsa go hiondúil bíonn 50% cailíní agus 50% buachaillí ag freastal ar na cúrsaí.
Tá UISCE lonnaithe sa Ghaeltacht in iarthuaisceart Mhaigh Eo, congarach do Bhéal an Mhuirthead.
Téigh go dtí “déan teagmháil linn” le haghaidh tuilleadh eolais
Faoi láthair, tá 244 scoláirí ar gach cúrsa coicíse Gaeltachta le 104 ar an gCúrsa Cásca agus an méid céanna sin ar chúrsa F.
San áireamh leis an bpraghas: Lóistín, bia, ranganna Gaeilge agus na heachtraí uilig le linn do chúrsa Gaeltachta. Mar eolas duit breathann na heachtraí (Seoltóireacht, clársheoladh, tonnmharcaíocht agus caghacáil) ar an aimsir. Nach bhfuil san áireamh leis an bpraghas; taisteal go dtí agus ar ais ón UISCE, níochán le comhlacht áitiúla agus turais le linn an chúrsa. Éarlais – Éarlais 25% ag teastál le foirmeacha iarratais. Tá rogha ‘íocaíocht éasca’ le fáil ar iarratas. Beidh lascainí tógtha ón bhfuílleach. Deimhniúchán ní deimhnítear áit go dtí go bhfuil uimhir tagartha faighte. Fuílleach – Caithfear an fuílleach a íoc dhá mhí roimh tús an chúrsa. Lascainí– ní glacfear ach le lascainí atá bailí agus ní féidir ach lascaine amháin a úsáid ag an am. Caithfear na lascainí a thabhairt ag am am a chur san áireamh. Tógfar luach an lascaine as an bhfuílleach le n-íoc.
Coláiste UISCE, Cuan Eilí, OP Clochar, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo F26 HF10
Téigh go dtí an leathanach“10 Fáth Coláiste UISCE a roghnú
Tá lascaine teaghlaigh ar luach €30 le fáil do bhaill clainne atá ag freastal ar Choláiste UISCE sa bhliain céanna. Ní féidir lascaine eile a úsáid anuas ar lascaine teaghlaigh.
Áirithintí / socraithe lóistín/ riachtanais faoi leith
Freastalaíonn. Tagann an chuid páistí go dtí Coláiste UISCE leo féin agus go doimhin is cabhair é seo ó thaobh scileanna soisialta a fhorbairt le cairde nua. Cuidíonn sé le atmaisféar Gaeilge a chothú chomh maith. Go minic is iad na scoláirí a thagann leo féin na daoine théann abhaile leis an méid is mó cairde.
Brathann sé ar an teach ach de ghnáth fanann idir 8 agus 12 i ngach aon teach.
Úsáideann Coláiste UISCE comhlacht bus príobháideach chun scoláirí a thógáil isteach agus amach ón gColáiste go laethúil.
Tá lóistín san Ionad curtha ar fáil chomh maith le lóistín le teaghlaigh áitiúla (Bean an Tí).
Eagraítear an lóistín ar chóras tús áite, tús freastal. Tá iarratais pearsanta faoi réir infhaighteachta agus ní féidir iad a chinntiú i gcónaí. Ní féidir ach cara amháin a ainmniú ar do liosta chun a bheith sa sheomra leat agus caithfidh an cara céann tú a inmniú ar a f(h)oirm iarratais. Déanfar gach iarracht an aoisghrúpa céanna a chur sa lóistín le chéile ach le iarratais cairde ní féidir é seo a chinntiú i gcónaí.
Caithfear foirm iarratais líonta agus éarlais a fháil chun áit a chur san áireamh. Is féidir an fhoirm iarratais a íoslódáil ón suíomh idirlín nó is féidir linn ceann a chur sa phost chugat.
Caithfear foirm iarratais líonta agus éarlais a fháil chun d’ainm a chur ar an liosta feithimh. Ní glacfar leis an éarlais go dtí go bhfuil spás ar fáil agus áit san deimhnithe. Nuair a tá spas ar fáil, beidh teagmháil déanta leis an gcéad duine eile ar an liosta feithimh agus beidh 24 uair an chloig ag an duine sin glacadh leis an spás.
Beidh, ach bíonn sonraí ag teastáil ar an bhfoirm iarratais nó thar an nguthán.
Bíonn muid ag súil go mbeidh gach éinne atá sa mheánscoil in ann freastal ar na cúrsaí Gaeltachta atá againn ach i gcásanna riachtanais diaiteach dáiríre nó ailléirge bia dáiríre ní féidir linn ach glacadh le háirithintí sealadach go dtí go gcinntíonn an dochtúr atá acu go bhfuil sé ceart go leor dóibh teacht go UISCE. Déanfaidh Coláiste UISCE teagmháil le tusmitheoirí faoi iarratas le riachtanas orthu. Seolfar doiciméidí ansin chuig tuismitheoirí chun cur síos níos cuimsithí a chur ar fail dúinn faoin tinneas, airí, leigheas agus córas éigeandála sa chás droch-tinneas. Seolfar slánú leighis chomh maith chuig na tuismitheoirí chun cead a fháil don fhoireann leigheas atá ag teastáil a thabhairt don pháiste más gá.
Bíonn muid ag súil go mbeidh gach éinne atá sa mheánscoil in ann freastal ar na cúrsaí Gaeltachta atá againn ach i gcásanna tinnis dáiríre ní féidir linn ach glacadh le háirithintí sealadach go dtí go gcinntíonn an dochtúr atá acu go bhfuil sé ceart go leor dóibh teacht go UISCE. Breathann an cinneadh ar na acmhainní atá le fáil chun dul i ngleic le riachtanais speisialta an pháiste.
Bíonn muid ag súil go mbeidh gach éinne atá sa mheánscoil in ann freastal ar na cúrsaí Gaeltachta atá againn ach i gcásanna tinnis dáiríre ní féidir linn ach glacadh le háirithintí sealadach go dtí go gcinntíonn an dochtúr atá acu go bhfuil sé ceart go leor dóibh teacht go UISCE. Déanfaidh Coláiste UISCE teagmháil le tusmitheoirí faoi iarratas le tinneas orthu. Seolfar doiciméidí ansin chuig tuismitheoirí chun cur síos níos cuimsithí a chur ar fail dúinn faoin tinneas, airí, leigheas agus córas éigeandála sa chás droch-tinneas. Seolfar slánú leighis chomh maith chuig na tuismitheoirí chun cead a fháil don fhoireann leigheas atá ag teastáil a thabhairt don pháiste más gá. Beidh an cinneadh deireanach ag Coláiste UISCE i gcomhairle le dochtúirí an pháiste agus tá seans go mbeadh athrú beag ag teastáil ar riachtanais an pháiste.
Taisteal go UISCE/ Árachas
Cuireann UISCE cultacha uisce le fáil do gach duine don chúrsa. Molaimid dóibh ar mhaith leo a gculaith uisce féin a thabhairt anseo aire ceart a thabhairt don chulaith agus chun cinntiú go dtógann siad é abhaile leo.
Ní féidir le UISCE freagracht a ghlacadh as ucht earraí pearsanta a théann ar strae nó atá goidte le linn an chúrsa nó earraí atá fágtha in UISCE tareis don chúrsa a chríochnú.
Ritheann Coláiste UISCE banc chun airgead na scoláirí a chosaint agus moltar go láidir do scoláirí a chuid airgid a chur sa bhanc ag tús an chúrsa agus é a thabhairt amach go laethúil mar is gá. Baileofar earraí atá docheadaithe cosúil le ipod ar an gcéad oíche agus tabharfar ar ais iad maidin an lá imeachta. Ceadaítear téacsáil amháin ar na gutháin um thráthnóna. Baileofar na gutháin ar an oíche theachta agus tabharfar amach iad go laethúil taréis dinnéar. Molann UISCE earraí atá an luachmhar a fhágáil sa mbaile.
Moltar do scoláirí árachas pearsanta a thógáil amach roimh dóibh teacht go Coláiste UISCE ach is cinneadh roghnach é. Tá plean árachais lascainithe socraithe idir Choláiste UISCE agus Allianz. Is polasaí árachais tionóisce pearsanta timpiste 24 uair a chloig é seo a chlúdaíonn gach bille ospidéil, dochtúra agus leighis I gcás timpiste I gColáiste UISCE. Seolfar sonraí an pholasaí seo chuig na scoláirí dhá mhí roimh tús an chúrsa agus beidh na sonraí ar fáil ar an suíomh idirlín ag an am céanna. Sa chás go bhfuil gá éileamh a dhéanamh, déan teagmháil leis an oifig riaracháin in UISCE.
Déan amach na seiceanna agus dréachtanna bainc do ‘Eachtraí Uisce Teo’. Is féidir an fuílleach táille, árachas agus táille bus uilig a chur ar an seic céanna.
Is ceis pearsanta é airgead póca. Tá siopa beag sa Choláiste, áít gur féidir leis na scoláirí deochanna, criospaí, seacláid, cochaill, t-léintí srl a cheannach. Ó am go chéile téann na scoláirí go dtí an Ollmhargadh áitiúla, áit gur féidir réimse forleathan táirgí a cheannach. Ritheann Coláiste UISCE banc chun airgead na scoláirí a chosaint agus moltar go láidir do scoláirí a chuid airgid a chur sa bhanc ag tús an chúrsa agus é a thabhairt amach go laethúil mar is gá.
Cuirfear taisteal príobháideach ar fáil do scoláirí ag taisteal ó Bhaile Átha Cliath, Longfoirt agus Béal an Átha. Tá socraithe déanta dóibh atá ag taisteal ó Chorcaigh agus Luimneach córas iompar poiblí a úsáid chomh fada le Gaillimh nuair a bhuaileann siad le Bus UISCE. Seolfar socraithe taistil tríd ríomhphost thart ar dhá mhí roimh tús an chúrsa agus beidh siad le fáil ar an suíomh idirlín freisin. Bheadh UISCE faoi chomaoin agaibh a bheith curtha ar an eolas faoin modh taistil do pháiste trí sheactain roimh tús an chúrsa Gaeltachta.
Chun spás sa sheomraí codlata a choiméad follamh agus mar réamhchúram aslonnú, molaimid do scoláirí málaí ilfheidhme bog a thógáil leo ionas go mbeifear in ann iad a chur faoi leaba.(circa. 900 x 400x 600 – 15kg an mála – Uasmhéid 2 mhála an scoláire).
Earraí Riachtanach
Cultacha snámha (2 más féidir)
3 x Túaille (seán túaillí más féidir)
Buataisí uisce nó seán brógaí reatha nó stocaí (neoprene más féidir) don eachtraí uisce
Barr teirmeach nó geansaí poileastar/ barr faoin gculaith uisce
Uachtar gréine (fachtóir ard)
Culaith spóirt agus brógaí reatha
Cóta báisteach agus fiestas báisteach
Análóir spártha doibh siúd le plúchadh
Sean bhrístí ghearr le caitheamh thar an gculaith uisce
Príomh-earraí
Brístí géine, T-léintí, geansaithe, barréidí lomra
Mála maisiúcháin agus earraí maisíochta
Ábhair scríobhneoireachta, Bloc páipéir A4 agus ceanglán fáinneach A4 chun nótaí a chur le chéile
Pinn, pinn dathú
Foclóir Gaeilge/Béarla
Earraí Roghnach
Ceamara, buataisí peile, uirlisí ceoil
Foirmeacha uilig agus Eolas le fáil anseo
Le linn an chúrsa
Gheobhaidh na scoláirí leis an leibhéal riachtanach cumais agus eolas sna eachtraí agus leis an méid ama riachtanach taifeadta, teastas I seoltóireacht agus clársheoladh. Is fiú a rá go bhfuil na heachtraí uisce ag brath ar an aimsir agus ní féidir le uisce mar sin na teastais a chinntiú. Molaimid do scoláirí le cáilíochtaí roimhré na logleabhair (ISA, RYA) a thabhairt leo ar an gcúrsa. Don iarratais aonair agus teastais faoi leith is fiú teagmháil díreach a dhéanamh leis an bPríomhteagascóir.
Tá stampaí agus clúdaigh le fáil sa shiopa le linn na cúrsaí.
Tá earraí cuimhneacháin UISCE le fáil in UISCE le linn na cúrsaí nó le fáil am ar bith san ionad.
Le linn cúrsa Coláiste UISCE, cruthaítear atmaisféar Gaelach. Ní mhaireann na cúrsaí ach coícís agus sa tréimhse sin ní mholaimid cuairt nach gá a thabhairt mar cuireann siad isteach ar an suíomh foghlama agus an tumoideachas. É sin ráite, ma ceapann tuismitheoirí gur gá cuairt a thabhairt is é an Satharn an lá is fearr. Is gá don Choláiste cead foirmiúil a fháil ó thuismitheoirí an pháiste ar a laghad dhá lá roimh dul amach in éineacht le cairde, caomhnóirí nó seanthuismitheoirí. Ní mór do thuismietheoirí duillín cead san oifig nuair a tá na scoláirí ag fágáil an Choláiste.
Ar lá an turais, Dé Domhnaigh de gnáth, ní bhíonn ranganna foirmiúla agus eagraíonn UISCE lá turais agus siúlóid sa cheantar. San iomlán cosnaíonn na turais seo idir busanna agus eile €10 agus caithfidh na scoláirí an táille seo a íoc le linn an chúrsa.
Tá rogha ag tuismitheoirí ar an bhfoirm iarratais más maith leo go bhfreastalóidh a bpáistí ar Aifreann Caitliceach. Faoi láthair níl seirbhísí creidimh do chreidimh eile ar fáil.
Feidhmíonn agus cloíann UISCE le treoracha náisiúnta ó thaobh neart na gaoithe, staid na farraige agus feisceanacht le haghaidh gach eachtra. Tá rogha leathan eachtraí talún laistigh agus lasmuigh le fáil in UISCE chomh maith.
Ní féidir le Coláiste UISCE freagracht a ghlacadh as éadaí fágtha in UISCE nó goidte le linn an chúrsa. Cinntigh go bhfuil ainm nó lipéid an scoláire ar gach éadach agus mála. Seolfar nithe sa phost ar chostas na tuismitheoirí.
Is forannta na ranganna iad na grúpaí le meascán buachaillí agus cailíní. Ag brath ar uimhreacha agus ar discréid an príomhteagascóra, roinntear na scoláirí de réir cumais scileanna eachtraí uisce.
Is de réir aois agus bliain scoile a roinntear na ranganna. Chomh miath leis sin, freastalaíonn chuile scoáire ar agallamh beag ar an gcéad oíche agus ag eascairt as an agallamh sin déantar iarracht mhór an scoláire a chur sa rang ceart.
Ní mholtar glaochanna gutháin as Béarla mar cuireann siad isteach ar an tumoideachas as Gaeilge agus comhdhíriú na scoláirí. Ba chóir glaochanna a choimeád chomh gearr agus a d’fhéadfaí go mór mór ag tús an chúrsa. Ní ceadaítear gutháin póca le linn an chúrsa agus dá bharr cúiseanna sláine. Baileofar iad ag tús an chúrsa agus tabharfar amach iad go laethúil ar bhonn tréimhse gearr ar mhaithe le téacsanna a sheoladh agus tabharfar ar ais iad ar an lá imeachta. I gcás práinn is feidir glaoch a chur ar an oifig.
Rialacha agus Polasaithe
Is é UISCE an t-aon Coláiste Gaeltachta creidiúnaithe ag na forias rialaithe de na heachtraí uisce éagsúla. In UISCE, ritheann muid na heachtraí uilig ag cloí le nósanna imeachta agus don eachtra. Feidghmíonn na heachtraí uisce le cóimheas teagascóir scoláire 1:6 atá I gcásanna eachtraí áirithe cóimheas níos airde ná atá molta. Is teagascóirí cumasacha na teagascóirí uisce atá againn le taithí agus cáilíochtaí cuí ina réimse féin. Bíonn seisiúin mionteagaisc ag tús gach uile seisiúin eachtraí uisce chun cinntiú go bhfuil gach rioscmeasúnú ó thaobh cúrsaí aimsire agus riachtanais na scoláirí pléite roimh dul amach ar an uisce. Comh maith leis sin tá bail iontach ar an trealaimh atá againn atá comhaimseartha. Is féidir ceist ar bith faoi na heachtraí a chur ar an mBainisteoir Eachtraíochta.
Tá úsáid gutháin póca srianta le linn cúrsaí UISCE mar cuireann siad isteach ar an suíomh foghlama agus an tumoideachas atá ar siúl. Tá siad srianta ar chúiseanna sláine chomh maith. Ní ghlacann UISCE le freagracht as earraí atá docheadaithe atá ag scoláirí le linn an chúrsa a théann ar strae.
Maoirsíonn Bean an tí na scoláirí sna tithe. Maoirsíonn an príomhoide, bainisteoir feitheoireachta agus maoirseoir an chúlra na scoláirí atá ag fanacht san ionad. Fostaítear Ard-Chinnirí chun cabhrú le maoirseoireacht.
Déanfaidh UISCE teagmháíl le tuismitheoirí go díreach le tuilleadh eolais nuair a fhaightear eolas den tsórt seo.
Tá siad scartha, cinnte. Fanann na buachaillí de gnáth sa phasáiste thíos staighre agus fanann na cailíní thuas staighre. Má tharlaíonn sé riamh go mbeidh cailíní agus buachaillí ar an urlár céanna, tá doirsí dúbailte idir an dhá phasáiste agus bíonn maoirseoireacht géar ar siúl an t-am ar fad.