Faoi UISCE
Spóirt trí Ghaeilge
Céard é Coláiste UISCE?
Is ionad eachtraíochta Gaeilge é Coláiste UISCE atá lonnaithe i gcroílár Ghaeltacht Mhaigh Eo, áit a mhúintear an Ghaeilge fite fuaite le spóirt uisce agus gníomhaíochtaí eachtraíochta atá spleodrach agus taitneamach. ‘Gaeilge bheo bhríomhar’ an mana atá againn ag Coláiste UISCE. Tá breis is scór bliain taithí againn ar an bhfód ag sóláthar cúrsaí eachtraíochta agus Gaeilge atá sábháilte agus spleodrach. Forbraíonn an modh múinte atá againn trí mheán na heachtraí uisce, meon dearfach i leith foghlaim na Gaeilge. Is é an athrú meoin i leith na Gaeilge an céim is tábhachtaí chun an teanga a shealbhú, dar linn. Mar a dúirt Henry Ford tráth;-
Má cheapann tú gur féidir leat nó nach féidir leat – tá an ceart agat!
Tuilleadh eolais faoi mhodhanna múinte na Gaeilge in UISCE, breathnaigh ar Gaeilge.
Cóimheas íseal cothrom le uastorthaí!!
Cuireann sé bród orainn an cóimheas teagascóir scoláire 1:6 ar an uisce a chur ar fáil. Cinntíonn an cóimheas seo go bhfaigheann chuile scoláire teagasc den scoth agus aird phearsanta an teagascóra agus níl a leithead le fail in aon Choláiste Samhraidh eile. Cuireann na teagascóirí cleachtaithe an méid a fhoghlaimíonn na scoláirí sa sheomra ranga i bhfeidhm go praiticiúil lasmuigh. Bíonn athrú meoin I leith na Gaeilge agus an fhoghlaim níos éasca sa sheomra ranga amuigh faoin spéir. Fillean scoláirí UISCE abhaile ní amhain ag labhairt na Gaeilge go muiníneach ach le tuiscint níos fearr ar an teanga dá bharr an modh múinte praiticiúla atá in úsáid againn. Forbairt Pearsanta Creideann muid, i gColáiste UISCE go bhfuil forbairt pearsanta agus riachtanais mhothúchánacha an scolaire chomh tábahchtach céanna le foghlaim na Gaeilge. Bíonn na heachtraí ata ar siúl againn dearaithe chun féin-muinín na scoláirí a ardú agus scileanna ceannaireachta agus scileanna saoil a mhúineadh. Creidiúnú Náisiúnta Is Coláiste leithleach é Colaiste UISCE mar;-
- Anuas ar fhoghlaim na Gaeilge, is féidir le scoláirí UISCE Cáilíochtaí Náisiúnta sna heachtraí uisce éagsúla a bhaint amach.
- Is muidne an t-aon Coláiste Gaeltachta atá oscailte go lán-aimseartha ó thús go deireadh na bliana.
- Is muidne an t-aon Coláiste Gaeltachta le Creidiúnú Náisiúnta ón cumainn seoltóireachta, clársheoladh agus tonnmharcaíochta na hÉireann.
- Tá na múinteoirí Gaeilge agus na ranganna Gaeilge aitheanta agus scrúdaithe ón Roinn Oideachais.
- Tá lóistín UISCE agus teach gach Bean an Tí scrúdaithe agus aitheanta ó Roinn na Gaeltachta.
Turais Scoile, Ócáidí Corparáideach agus Turais Tógáil-Foirne Níl scoláirí nó grúpaí atá ag lorg cúrsaí spleodrach, taitneamhach tumoideachais le eachtraí uisce teoranta do mhíonna Samhraidh. Ó Mheán Fómhair go Bealtaine, cuireann muid fáilte is fiche roimh turais scoile, grúpaí idirbhliana, grúpaí ollscoile, cúrsaí MBA, cliaint corparáidigh agus clubanna/cumainn eachtraíochta. Is feidir linn cúrsa a dhearadh bunaithe ar riachtanais do ghrúpa chun cinntiú go mbeidh turas fiúntach taitneamh agaibh linn. Foireann UISCE Tá os cionn cúig dhuine déag fostaithe againn in UISCE go lán-aimseartha agus méidíonn an figiúr seo go 70+ le linn an tSamhraidh. Tá foireann UISCE óg, dearfach, díograiseach agus tiománta, rud a chinntíonn suíomh dearfach, taitneamhach le haghaidh déagoirí. Is áit nádúrtha, ídeálach do dhaoine óga le haghaidh cúrsa Gaeilge agus saoire nach bhféadfadh dearmad a dhéanamh go deo air! Tá iomaí duais bronnta ar UISCE thar na blianta agus tá cáil náisiúnta bainte amach againn ar chláracha teilifíse faoin modh múinte nuálach atá againn (m.s. Nationwide, PONC, Cúla 4, Muintir na Mara, Summer Signposts, Cúrsaí, JMTV) Mar thoradh na hoibre chrua atá curtha isteach ag Ciarán, a bhean chéile, Máire agus a bhfoireann díograiseach thar breis is scor bliain, tá clú bainte amach againn don dílseacht do chaighdeán, sábháilteacht agus cúram custaiméir. Is cúiseanna mórtais dúinn an ionad, an fhoireann agus na háiseanna atá againn agus chreideann muid gurb iad na cinn is fearr sa tír! Cuirfimid fáilte is fiche romhat nó roimh do pháiste na 20,000 scoláirí a tháinig go UISCE ó 1992 i leith, a leanúint agus páirt a ghlacadh ins an eispéaras spraíúil agus taitneamhach in UISCE. Scéal UISCE Tuilleadh eolais ag Scéal UISCE