Seoltóireacht

Tá an foscadh a chuireann Cuan Eilí ar fáil iontach maith chun seoltóireacht a fhoghlaim. Tá gach teagascóir cáilithe agus creidiúnaithe ag Cumann Seoltóireachta na hÉireann. Cuirimid gach leibhéal traenála ar an uisce le fáil agus bronnfar teastais ISA ar scoláirí bunaithe ar an leibhéal atá acu: Blas Seoltóireachta, Tús Seoltóireachta, Scileanna Bunúsacha, agus Scileanna Feabhais. Leanann muid siollabais de chuid an ISA agus cloíann muid lena gcaighdeáin ard múinteoireachta agus sábháilteachta.

Is féidir le scoláirí fillte tógáil ar a gcuid scileanna ón bliain roimhe agus síniú an príomhtheagascóra a fhaíl ar a logleabhair. Tá rogha eile acu cúrsa ar sheoltóireacht Catamarán a dhéanamh.

Úsáideann muid meascán de Picos, Vision agus Bahia in UISCE a chinntíonn dul chun cinn tapaidh agus rogha leathan feidhmíochtaí. Tá na báid seo le fáil go forleathan timpeall na tíre mar sin is féidir le scoláirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid atá foghlamtha nuair atá siad ar ais sa bhaile.

Cloíann muid go dian le cóimheas 1:6 sa ranganna seoltóireachta mar atá molta ag Cumann Seoltóieachta na hÉireann. Forlíonann na seisiúin ar muir na seisiúin praicticiúla le béim ar rigeáil, obair téide agus sábháilteacht ar an uisce.

Academically my son’s Irish improved tremendously and he found the sporting experiences both challenging and rewarding

Clare Fallon, Gaillimh