Clársheoladh
Is é clársheoladh ceann de na spóirt is mó a bhfuil gean air. Tá deis ag foghlaimeoirí tosnú amach i gCuan Uí Mhuineacháin go dtí go bhfuil siad muiníneach go leor chun dul amach i gCuan Eilí ata béaldorais. Déanann an cruth crú capaill atá sa bhá, an suíomh idéalach don sheoltóireacht, is cuma cén treo a shéideann an ghaoth. Ar an taobh eile den leithinis, cúpla nóimead ó UISCE, tá coinníollacha foirfe dóibh siad le taithí ag clárseoladh. Is iad na tonntracha bhréideacha agus an an ghaoth leanúnach a mhealann iomaitheoirí ó fud fad na tíre chun na háite agus go dtí craobh tonn-seoltóireachta na hÉireann.
Meascann an spórt spraíúil seo na gnéithe is fearr de tonnmharcaíocht agus seoltóireacht in aon spórt amháin. Tugann sé an saoirseacht duit lúbóig aisiompaithe agus ainlúithe sníomhacháin agus léimeanna a dhéanamh atá dodhéanta i mbád seoltóireachta.
Trealamh
Tá trealamh den chéad gráda againn in UISCE agus ceannaítear trealamh nua gach ré bliain.
Faoi láthair tá 38 bord tosnaitheoirí nua-aimseartha stíl-leathan ó 180 lítear go 205 lítear, leathan agus socair chun tús a chur le seoltóireacht. Is féidir le feabhsaitheoirí bigadh ar aghaidh go tapaidh go raon na boird beag níos tapúla atá againn (90 – 130 lítear). Bíonn raon leathan seol againn ó 2.0m to 5m do tosnaitheoirí agus 3.7m to 5.7 m do fheabhsaitheoirí.