Gaeilge

Gaeilge bheo bhríomhar múinte go hanamúil, go proifisiúnta agus go sábháilte tríd eachtraí ar muir is ar tír’

Tuigeann muid an tábhacht a bhaineann le Gaeilge do dhéagóirí agus tuismitheoirí an lae inniu; mar abhar riachtanach ar scoil agus le 40% de na marcanna iomlán ag leibheal na hArdteiste ag dul ar an scrúdú béil, tá sé níos tábhachtaí ná riamh go bhfuil do pháiste muiníneach an Ghaeilge a labhairt. An sprioc atá againn ná an dearcadh diúltach i leith na Gaeilge atá ag an chuid déagóirí a athrú agus tuilleadh daoine a chur ag caint as Gaeilge. Tá sé seo ag teacht go díreach le plean 20 bliain na Gaeilge.

‘Gaeilge bheo bhríomhar’ an manna atá againn agus tá breis is scór bliain taithí againn ag rith cúrsaí Gaeltachta agus cúrsaí eachtraíochta sábháilte, spraíúil agus taitneamhach.

Bogann muid an Ghaeilge ón seomra ranga agus cuirimid an fhoghlaim ar siúl trí mheán na heachtraíochta le seoltóireacht, clársheoladh, tonnmharcaíocht, treodóireacht, boghdóireacht, cadhcáil I measc le fáil I measc eile. Tugann an fhoghlaim spraíúil seo peirspictíoch nua do na scoláirí ar an teanga. Feictear dóibh an Ghaeilge mar theanga bheo, scaití don chéad uair riamh nuair a fhaigheann siad deis í a úsiad í ina suíomh nádúrtha.

Tá foireann cáilithe, díograiseach, tiománta agus fuinniúil in UISCE agus tá traenáil ag gach duine acu ar na modhanna múinteoireachta idirghníomhacha is fearr sa sheomra ranga UISCE. Tá cláir bán idirghníomhach Promethean sna seomraí ranga a chabhraíonn leis an modh múinte idirghníomhach atá againn.

Is é an t-athrú meoin an céad céim chun teanga a fhoghlaim dar linn. Mar a dúirt Henry Ford, ‘Má cheapann tú gur féidir leat nó má cheapann tú nach féidir leat – tá an ceart agat!’

Cruthaíonn múineadh na Gaeilge trí mheán gníomhaíochtaí eachtraíochta spraíúil agus taitneamhach, meon dearfach i leith na Gaeilge. Feictear do na scoláirí mar rud nádúrtha dearfach iontu féin í an Ghaeilge nuair a fhoghlaimíonn siad i suíomh dearfach nádúrtha í.

Éiríonn an Ghaeilge níos faiseantaí agus dá bharr níos tarraigtí do scoláirí.  

Cinntíonn an cóimheas teagascóir scoláire 1:6 go bhfaigheann chuile scoláire ard pearsanta nach bhfuil le fáil in aon choláiste Gaeltachta eile. Dá bharr, filleann scoláirí abhaile ó UISCE ní amháin le scileanna labhartha Gaeilge feabhsaithe agus muinín an teanga a labhairt ach le creidiúntaí náisiúnta sna heachtraí uisce.

Cabhraíonn na teagascóirí tiománta agus díograiseach, an meid atá foghlamtha ag na scoláirí sa sheomra ranga a chur i bhfeidhm lasmuigh den sheomra ranga. Tá se seo I gcomhréir leis an gcoincheap tumoideachas iomlán atá mar dea-chleachtas i bhfoghlaim teanga ar bith.

Academically my son’s Irish improved tremendously and he found the sporting experiences both challenging and rewarding

Clare Fallon, Gaillimh