Ábhar Oidí

Tréimhse 1 agus Tréimhe 2 sa Ghaeltacht

Is deis den scoth í seo do dhaltaí tumadh iomláin a fháil sa Ghaeilge i gcroílár na Gaeltachta. Níl bealach níos fearr chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus chun blaiseadh beag de chultúr dúchasach na hÉireann a fháil ná trí thréimhse a chaitheamh i “dTobar na Teanga” i lár na Gaeltachta. Tabharfaidh an cúrsa seo taithí luachmhar duit, a bheith ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht chomh maith le deis do chuid scileanna teanga, múinteoireachta agus sóisialta a fheabhsú.

Seisiúin na Maidine

Is é cuspóir seisiúin na maidine ná scileanna foghlama teanga na mac léinn a fhorbairt trí thascanna éagsúla a chur i gcrích. Díreoidh na tascanna seo ar cheartúsáid na Gaeilge le béim ar leith ar labhairtna teanga agus ar an gcur chuige cumarsáideach.

Seisiúin an Tráthnóna

Tabharfaidh na seisiúin seo deis duit obair a dhéanamh ar thascanna cruthaitheachta. Feicfear an chaoi gur féidir ealaín, ceol, corpoideachas agus drámaíocht a chomhtháthú le hábhair eile sa churaclam bunscoile agus leis an nGaeilge ach go háirithe. Tá an iliomad bealach ann leis an teanga a fhoghlaim agus a mhúineadh do pháistí.

Seisiúin na hOíche

Beidh éagsúlacht iontach taithneamhach gaelach le fáil mar eachtraí oíche le linn do chúrsa i gColáiste UISCE mar shampla;-

  • Céilí (Damhsa Seit, Sean Nós)
  • Drámaíocht
  • Amhránaíocht
  • Tráth na gCeist
  • Fleá Fhulachta

Teicneolaíocht mar Áis sa Seomra Ranga

Cuirfear an-bhéim ar úsáid na teicneolaíochta sa seomra ranga. Beidh deiseanna ag mic léinn úsáid a bhaint as clár bán idirghníomhach, as bogearraí Gaelacha ar na ríomhairí ranga, as áiseanna idirlín agus as acmhainní nua aimseartha eile. Beidh WIFI le fáil sna seomraí ranga agus in Ionad UISCE chun cabhrú leat le do chuid oibre.

Forbairt Pearsanta

Beidh oideachas bunaithe ar fhorbairt pearsanta agus féinmhuinín do Ghaeilgeoirí go mór chun cinn sa chúrsa seo Tá scileanna faoi leith ag teastáil do na dúshláin “neartú fóirne”. Bíonn- obair bhuíne, comhoibriú, scileanna cumarsáide, , agus fadhbréiteach i gceist leo. Oibreoidh muid ar straitéisí chun dul i ngleic le coimhlintí pearsanta agus beidh comhoibriú agus cumarsáid éifeachtach mar théamaí móra le linn an chúrsa chomh maith.

Coláiste UISCE cén fáth?

  • Gaeilge ar ard-caighdeán – Blas soiléir
  • Ais-eolas leanúnach – Dírithe ar riachtanais pearsanta
  • Níl aon siúl i gceist – Bus ó na tithe
  • Béim ar fhorbairt pearsanta, scileanna ceannaireachta & féin muiníne
  • Leabhar saothair – saor in aisce
  • Eachtraí uisce – roghnach

Academically my son’s Irish improved tremendously and he found the sporting experiences both challenging and rewarding

Clare Fallon, Gaillimh