Acadamh Teagascóirí UISCE

An bhfuil tú idir 15 agus 18?
An bhfuil suim agat i dtonnmharcaíocht nó i gclársheoltóireacht?
An bhfuil tú ag iarraidh a bheith i do theagascóir eachtraí uisce sa todhcaí?

Bí linn in Acadamh do Theagascóirí, Coláiste UISCE!
Is féidir leat do scileanna eachtraí uisce a fhorbairt, cairde nua a dhéanamh agus spraoi a bhaint as.
Thar tréimhse 3 bliana, tabharfaidh ár dteagascóirí proifisiúnta thú tríd na scileanna agus na riachtanasaí atá ag teastáil uait le bheith i do theagascóir eachtraí uisce.
Gheobhaidh tú traenáil sna scileanna atá riachtanach don mhúinteoireacht; ceannasaíocht agus obair foirne Beidh tú ag fáil teagaisc sna scileanna praiticiúla cosúil le scileanna gharda tarrthála, garchabhrach agus bád tarrthála.

 

 

Beidh trí chúrsa ar siúl chuile bhliain a bheidh go hiomlán dírithe ar scoláirí an Acadaimh. Is iad sin;
1. Márta / Aibreán – An Cúrsa Cásca
2. Lúnasa – Cúrsa F
3. Deireadh Fómhair – Cúrsa Traenála na nArdchinnirí
Freisin, beidh deiseanna breise traenála le fáil le linn na gcúrsaí samhraidh do na baill Acadaimh amháin. Beidh scoláireachtaí curtha ar fáil do lucht an Acadaimh.
Má tá suim agat sna rudaí thuasluaite agus más maith leat am a chaitheamh i dtimpeallacht spraíúil agus cairdiúil, glac páirt san Acadamh do Theagascóirí, Coláiste UISCE.
Conas ar féidir liom a bheith páirteach san Acadamh?

Má tá cúrsa UISCE nó cúrsa scileanna i dtonnmharcaíocht nó i gclársheoltóireacht déanta agat agus moladh ó theagascóir UISCE faighte agat, seol ríomphoist chugainn inniú.

Má tá suim agat nó tuilleadh eolais uait seol ríomhphost go training@uisce.ie

*Please note that membership of the Acadamh does not guarantee a position as an instructor in UISCE. All instructors must undergo an interview process to gain employment.

Academically my son’s Irish improved tremendously and he found the sporting experiences both challenging and rewarding

Clare Fallon, Gaillimh