Téarmaí agus Coinníollacha
Fáilte romhat go Coláiste UISCE. Is éard atá anseo ná na téarmaí nó rialacha a ghabhann le suíomh idirlín UISCE a úsáid. Má úsáideann tú an suíomh seo, aontaíonn tú leis na téarmaí seo agus agus na dlíthe agus rialacháin a ghabhann leis. Tá an ceart ag Coláiste UISCE na téarmaí seo a athrú am ar bith, éifeachtach láithreach agus iad beo ar an suíomh. Déan seic rialta ar an leathanach seo le do thoil.
Bíonn lóistín, bia, ranganna Gaeilge agus na heachtraí uilig san áireamh leis an bpraghas ar na cúrsaí. Brathann na heachtraí uisce ar an aimsir (seoltóireacht, clársheoladh, caghaiceáil agus tonnmharcaíocht).Níl taisteal, níochán nó an turas san áireamh leis an bpraghas.
Éarlais sa phost.
Caithfear éarlais €100 a bheith leis an bhfoirm iarratais. Bainfear lascainí as an bhfuílleach.
Éarlais ar líne
Beidh éarlais €100 de dhíth nuair a chuireann tú iarratas isteach ar líne. Caithfear cód lascaine a chur isteach leis an iarratas ar líne agus bainfear ón bhfuílleach iad.
Deimhniúchán
Deimhnítear spás le uimhir tagartha. Nuair atá tú cláraithe, beidh fáil agat ar stádas d’áirithint ar líne am ar bith.
Fuílleach
Caithfear an fuílleach a íoc 2 mhí roimh thús an chúrsa. Is féidir íocaíocht a dhéanamh ar líne nó sa phost nó le EFT.
Lascainí
Ní ghlacfar ach le lascainí atá baillí. Lascaine amhain atá ceadaithe do gach iarratas. Caithfear an lascaine a chur isteach leis an bhfoirm iarratais agus éarlais. Bainfear luach an lascaine as an bhfuílleach.
Tá lascaine clainne €100 do gharghaolta atá ag freastal ar Choláiste UISCE. Ní ghlacfar ach le lascaine amhain le gach iarratas.
Scoláireachtaí
Tá scoláieachtaí baillí amháin don treimhse luaite ar an ndearbhán agus infhuascailte de réir na téarmaí agus coinníollacha luaite ar an ndearbhán.
Ní féidir scoláireachtaí a úsáid i gcomhar le lascaine nó margadh eile. Caithfear scoláireachtaí agus leath-scoláireachtaí a chur isteach ag am áirithint a dhéanamh. Bainfear luach an scolaireacht as an bhfuílleach.
Íocaíocht ar líne.
UISCE online payment facility is provided by STRIPE – Your information will be safe in this system.