Turais Scoile

MÚINTEOIRÍ – In UISCE, déantar mar is mian leat!

Tuigeann muid an obair mhór atá i gceist do mhúinteoirí, grúpa scoláire a thabhairt ar turas scoile. An sprioc atá againn ná go mbeidh an turas gan stró ó thús an go deireadh. Oibreoidh muid leat chun an turas scoile is fearr ó thaobh do riachtanais agus buiséad a chur ar fail. Anuas ar an eispearas agus an mór-éileamh atá ar an ionad eachtraíochta Gaeilge, tá Coláiste UISCE taréis paiceáistí scoile éagsúla a fhorbairt. Is feidir na nithe a leanas a bheith mar chuid den turas:

  • Eachtraí uisce (cóimheas 1:6 )
  • Dúshlain tógail foirn
  • Boghdóireacht agus dreapadóireacht
  • Eachtraí Gaisce
  • Ranganna Gaeilge spraíúla
  • Oideachas comhshaoil

Nuair a théann tú i gcomhairle lenár bhfoireann cabhrach, is fédir leat do thuras a phleanáil agus dearfaimid an cúrsa is fearr duit. Cuirimid ráta lá agus oíche ar fáil ar chostas €60 an scolaire agus turas lae amháin ar fáil ar chostas €46 an scoláire. Do gach deichniúr is feidir le múinteoir amhain teacht saor in aisce! (le grúpa 15+) Tá fáilte is fiche roimh mhúinteoirí páirt a ghlacadh sna heachtraí le linn an lae nó taitneamh a bhaint as an gciúnas agus síocháin cois farraige ar thránna bratach gorm ar an leithinis agus a gcuid radharcanna álainn. Ar an lámh eile, gur deis mahith é seo seans do na múinteoirí breith suas leis an gceartúcháin uilig. Cuireann muid maoirseoireacht 24 uair an chloig ar fáil san ionad.

Ionad UISCE

Is ionad eachtraíochta Gaeltachta  ar leith é UISCE. Tá 4 sheomra ranga, seomra bia fairsing, seomra dreapadóireachta laistigh, halla boghdóireachta, cúirteanna cispheile agus páirc peil. Is áit den scoth é do thuras scoile Gaeltachta.

Is áit iontach é UISCE don oideachas comhshaoil agus gníomhaíochtaí eachtraíochta – thar barr don turas scoile!

Tá UISCE lonnaithe cois farraige ar thrá le bratach gorm i gCuan Eillí, i gcroílár Gaeltacht Mhaigh Eo. Tá cósta dochreidte álainn timpeall orainn, chomh maith le farraige, dumhcha, muiraillte garbh agus timpeallacht neamhtruaillithe.. Tá suíomh thar barr againn chun turas allamuigh timpeallachta a reachtáil. Is limistéar faoin chaomhnú speisialta cuid den leithinis faoi threoir maidir le gathóga ón Aontas Eorpach. Tugtar aitheantas don éagsúlacht gnáthóige domhanda agus mara atá ann chomh maith le  méid plandaí agus speiceas ainmhíoch anamh agus an talamh portaigh atá gar deon leithinis.. Is saneolaí muid in UISCE ag meascadh na heachtraí spraíúil leis an nGaeilge.  Cuidíonn sé seo le scoláirí dearcadh dearfach nua a fhorbairt i leith na Gaeilge. A luaithe is atá meon an scoláire athruithe, bíonn an fhoghlaim i bhfad níos éasca. ‘Gaeilge bheo bhríomhar’ an mana atá againn agus tá breis is 20 bliain taithí againn ag cur cúrsaí sábháilte eachtraíochta Gaeilge proifisiúnta ar siúl.

An tÉispearas Gaeltachta

Is féidir do chúrsa fein a roghnú chun freastal ar do riachtanais. Bíonn tumoideachas le fail nó blas Gaeilge amháin. Bíonn na heachtraí uisce, na gníomhaíochtaí eachtraíochta, dreapadóireacht, eachtraí oíche agus ceilothe trí mheán na Gaeilge. Ba bhreá linn an cúrsa is fearr a chur le chéile duit.

Cláir GAISCE

Tacaíonn UISCE le daoine óga an duais Gaisce a bhaint amach leis an ‘Dúshlán eachtraíochta – sluaíocht ar chos, ar churach, ar rothar nó ar chapall’.

Is féidir le UISCE sluaíocht ar chos do ghrúpa mór agus an sluaíocht ar churach le grúpaí níos lú. Á rogha an clár Gaisce a dhéanamh leis fein nó mar chuid de turas scoile. Tuilleadh eolais faoi Gaisce le fáil ag  www.gaisce.ie.

Cuir glaoch orainn chun comhairliúhain faoi turais scoile a fháil ar 097-82111 nó roisin@uisce.ie.revision.show.

It’s a really amazing place, the staff are really helpful and understanding and they have great experience. An amazing way to spend two weeks.

Jack Robert