Scholarships

APPLY NOW

National Scholarship Scheme

Coláiste UISCE – Irelands No. 1 Irish College, is offering €1000’s worth of scholarships to students around the country. The scholarship applies to selected courses from our Gaeltacht Coláiste courses.

Unique to Coláiste UISCE in the heart of the Mayo’s Gaeltacht you will participate in the various water sports and partake in Climbing, Archery and Team Challenges. This will give students an opportunity to learn Irish in a fun and adventurous environment.

The winners will have an unforgettable experience with a renewed vigour for the Irish Language.

Our quarterly draws consist of full and part scholarships.

Why apply?

  • Get the Chance to experience the Gaeltacht
  • Improve both your spoken and written Irish.
  • Learn leadership skills and build on your self confidence.
  • Take part in our training schemes.
  • Take part in and receive recognised certificates in various water sports

Riachtanais

Any student attending secondary school is eligible to enter this Scholarship Competition.
Please note that you must be 13 years of age to apply.

Scéim Scoláireachta do Dhéagóirí na Gaeltachta

Tá Coláiste UISCE ag seoladh scéime scoláireachta nua atá dírithe ar dhéagóirí na Gaeltachta.

Mar thoradh ar thacaíocht ó Roinn na Gaeltachta teastaíonn uainn an an scéim seo a reachtáil.

Is deis é seo do Dhéagóirí na Gaeltachta scileanna gníomhaíochtaí eachtraíochta agus uisce a fhoghlaim ina dteanga dúchais.

Tá trí spás saor in aisce le fáil i mí Iúil agus Lúnasa (6 Spás san iomlán) agus 12 spás ar 50% lascaine chomh maith.

Mar chuid den Scém Scoláireachta nua seo, tá deis ag dhéagóirí na Gaeltachta scoláireachtaí 50% a fháil ar aon chúrsa i mí Iúil agus Lúnasa. Táimid ag súil go gcuifidh siad go mór le caighdeán Gaeilge na gcúrsaí agus go spreagfaidh siad Grá don teanga i measc a gcomhscoláirí.

Scéim scoláireachta do dhéagóirí Iorrais.

Scoláireacht Dháibhdhe Mac Suibhne

Cé hé Dáibhdhe?
Tháinig Dáibhdhe go hUISCE don chéad uair nuair a bhí sé 13 bliana d’aois. Tógadh ar an bhFód Dubh é agus ón gcéad lá bhí tuiscint an-mhaithe aige ar an bhfarraige. Ag an tús, ní raibh aige ach seanchulaithe uisce caite a bhí greamaithe le chéile le gliú. Gan mhoil bhain sé amach ardchaighdeán i marcaíocht toinne, seoltóireacht agus caigheacadóireacht. Oileadh mar theagascóir é sna heachtraí seo i ndiaidh dó cúpla bliain a chaitheamh in UISCE. Bhí Dáibhdhe an-éifeachtach agus ábalta mar theagascóir eachtraí uisce agus mar mhúinteoir Gaeilge. Bhí stíl dearfach, réamhchúiseach agus dearfach aige. Chuaigh sé i gcion go mór ar na scoláirí agus na Múinteoirí araon. I mí an Bhealtaine 2004 chailleadh Dáibhdhe agus é 24 bliana d’aois. Le linn a thinneas léirigh sé dea shampla dúinn lena mheon dearfach misniúil. Chuir Dáibhdhe go mór le cúrsaí in UISCE agus maireann a spriorad linn i gcónaí. Dá bharr tá UISCE sásta an scoláireacht seo a chur ar fail do dhéagóirí Iorrais in urraim agus in onóir dó.

Cad é Scoláireacht Dáibhdhe?
Tabharfaidh an scéim seo deis do dhéagóirí áitiúla freastal ar na ranganna eachtraí uisce i gColáiste UISCE saor in aisce. Beidh deis ag na scoláirí seo cáilíochtaí náisiúnta a bhaint amach sna heachtraí uisce. Beidh spás i gcóir beirte ar gach cúrsa agus daoine ar na gcúrsaí Splash a mbíonn á rith againn le linn an tSamhraidh.

Riachtanais
Ní mór don iarratasóir foirm iarratais a líonadh amach agus aiste 400 focail a scríobh faoi cheantar Iorrais. Is do mhuintir Iorrais amháin atá os cionn 14 bliain d’aois an scéim scoláireachta seo.

Scoláireacht Traenála UISCE

 “The Student becomes the Teacher”

Is scéim scoláireachta chun breis scileanna múinteoireacht a bhaint amach. Tá an scéim dírithe ar daoine atá suim acu traenáil mar leasmhúinteoirí eachtraíochta agus ardchaighdeáin a bhaint amach sna heachtraí uisce. Beidh an leasmhúinteoir ag fáil taithí praiticiúla faoi conas tabhairt faoin mhúinteoireacht ar bhonn laethiúla.
Cuireann UISCE ciste de €5,000 ar fáil chun maoiniú a thabhairt do dhaoine cúrsa traenála a dhéanamh.

Riachtanais
Ní mór duit foirm iarratais a líonadh amach agus litir a scríobh faoin gcúis a bhfuil scoláireacht tuillte agat.

Is do fhoireann Coláiste UISCE nó daoine a bhfuil ag iarraidh post teagascóir i gColáiste UISCE amháin an scéim scoláireachta seo.

It’s a really amazing place, the staff are really helpful and understanding and they have great experience. An amazing way to spend two weeks.

Jack Robert