An mbeidh mo pháiste clúdaithe le hárachas fad is atá sé/sí in UISCE?

Posted by on Oct 27, 2018

Moltar do scoláirí árachas pearsanta a thógáil amach roimh dóibh teacht go Coláiste UISCE ach is cinneadh roghnach é. Tá plean árachais lascainithe socraithe idir Choláiste UISCE agus Allianz. Is polasaí árachais tionóisce pearsanta timpiste 24 uair a chloig é seo a chlúdaíonn gach bille ospidéil, dochtúra agus leighis I gcás timpiste I gColáiste UISCE. Seolfar sonraí an pholasaí seo chuig na scoláirí dhá mhí roimh tús an chúrsa agus beidh na sonraí ar fáil ar an suíomh idirlín ag an am céanna. Sa chás go bhfuil gá éileamh a dhéanamh, déan teagmháil leis an oifig riaracháin in UISCE.