An féidir linn cuairt a thabhairt dár mac/iníon le linn an chúrsa?
Le linn cúrsa Coláiste UISCE, cruthaítear atmaisféar Gaelach. Ní mhaireann na cúrsaí ach coícís agus sa tréimhse sin ní mholaimid cuairt nach gá a thabhairt mar cuireann siad isteach ar an suíomh foghlama agus an tumoideachas. É sin ráite, ma ceapann tuismitheoirí gur gá cuairt a thabhairt is é an Satharn an lá is fearr. Is gá don Choláiste cead foirmiúil a fháil ó thuismitheoirí an pháiste ar a laghad dhá lá roimh dul amach in éineacht le cairde, caomhnóirí nó seanthuismitheoirí. Ní mór do thuismietheoirí duillín cead san oifig nuair a tá na scoláirí ag fágáil an Choláiste.