Leibhéal 3 – Ardchinnirí Sinsearacha/Teagascóirí/Maoirseoir Oíche
Dearaíodh an cúrsa seo chun scoláirí/Ard-Chinnirí a thraenáil le bheith mar chuid den fhoireann Maoirseoireachta in UISCE. Seo céim a 3 sa chlár cheannaireachta. Cruthaíodh an cúrsa seo go speisialta chun traenáil a chur ar fáil do gach duine ar na scileanna cuí chun aire ceart a thabhairt do na scoláirí Gaeltachta agus an caighdeán a choiméad ard sa Choláiste.
An Ról
Bíonn ról tábhachtach chun na cúrsaí a rith ag gach ball foirne UISCE. Bíonn na Maoirseoirí páirteach le fadhbanna a réiteach, maoirseoireacht a dhéanamh agus timpeallacht sábháilteacht a chruthú do na scoláirí. Tá ról lárnach ag Maoirseoirí tacaíocht a thabhairt don phríomhoide cúrsa rathúil a rith. Cinntíonn siad go bhfuil disciplín curtha i bhfeidhm agus go bhfuil caighdeán ard Gaeilge i bhfeidhm timpeall an ionaid an t-am go léir.
Déanann na Maoirseoirí an ceangal idir na scoláirí agus foireann san ionad. Tuairiscíonn siad don phríomhoide go laethúil don chúrsa ar fad.
Siollabas agus Spriocanna an Chúrsa
- Traenáil Bad Innill Léibhéal 2
- Cúrsa Garchabhair agus sábháilteacht dóiteáin
- Cúrsa Cúram leanaí agus frith-bhulaíocht
- Scileanna agallaimh agus CV
- Ceardlanna ceannaireachta
- Traenáil praicticiúla san eachtraí uisce
- Scileanna idirphearsanta agus féin-muinín a fheabhsú
- Scileanna ceannaireachta nua a fhorbairt
- Fadhbréiteach a chleachtadh
- An bhfuil tú 18 mbliain d’aois ar a laghad?
- An bhfuil caighdeán ard Gaeilge agat?
- An bhfuil tú paiseanta faoi na heachtraí uisce?
- An bhfuil bliain san Ollscoil déanta agat?
An gcomhlíonann tú na crítéir?
Caithfear bliain a bheith déanta agat in institúid triú leibhéal nó bliain taithí oibre déanta agat chun fostaíocht a fháil mar Mhaoirseoir in UISCE.
Dátaí
Reachtáiltear an cúrsa le linn an sos lár-téarma. Tá áiteanna teorannta ar an gcúrsa. Tá sé riachtanach áit a chur san áireamh go luath chun díomá a sheachaint.