Samhradh

Gaeilge Bheo Bhríomhar i gColáiste UISCE

Bíonn an cúrsa Gaeltachta tráidisiúnta le fáil le linn míonna an tSamhraidh agus um Cháisc. Tugann an rogha seo deis duit taitneamh a bhaint as eiteas UISCE a chuireann béim ar fhorbairt Gaeilge labhartha ata fite fuaite le eachtraí uisce a chuireann le fein muinín, scileanna ceannaireachta agus foclóir fairsing Gaeilge. Is é Coláiste UISCE an t-aon Coláiste Gaeltachta atá creidiúnaithe ón gCumann Seoltóireachta na hÉireann agus an Cumann Tonnmharcaíochta na hÉireann. Cinntíonn an creidiúnú seo an caighdeán is airde ó thaobh sábháilteacht de agus cóimheas Teagascóir Scoláire 1:6, áiseanna bhuacachta agus cáilíocht na teagascóirí. Cuirtear feitheoireacht 24uair a chloig ar fáil do na scoláirí ar fad ón bhfoireann maoirseoirí, múinteoirí, ard-chinnirí agus mnaí an tí chun cinntiú go bhfaigheann do pháiste an caighdeán cúraim is airde.

Is í aidhm an chúrsa ná chun tú a chur ag caint as Gaeilge!

Structúr

Rangaítear na scoláirí ar oíche theachta. Freastalaíonn muid ar gach leibhéal ó bhunúsach go hard-leibhéal agus cuireann muid fáilte roimh scoláirí sa mhéanscoil.  Coimeadtear uimhreacha sna ranganna íseal chun cinntiú gur féidir leis na múinteoirí am faoi leith a thabhairt ar riachtanais an ranga. Rangaítear na scoláirí arís i fo-ghrúpaí le haghaidh na heachtraí uisce. Cinntíonn sé seo freastal ar gach duine. Bíonn teagasc aonair ar muir is ar tír mar chuid lárnach den chúrsa.

Cúrsaí Speisialta

 

Diansraith

Cuirtear béim ar na scrúdaithe stáit idir scrúdú cluastuisceana, scrúdú béil agus an scrúdú scríofa.  Téann tuairisc abhaile le dul chun cinn na scoláirí.

Lóistín

Tá dhá rogha lóistín le fáil i gColáiste UISCE

Lóistín sa Choláiste

Tá seomraí de 4 agus 5 leaba den chéad grád i bpasáistí do chaighdeán Fáilte Ireland le gach seomra en-suite. Bíonn gach scoláire faoi mhaoirseoireacht istoíche le príomhoide an chúrsa ag fanacht thar oíche don treimhse iomlán an chúrsa.

Bean An Tí

Tá gach teach scrúdaithe agus formheasta ag Roinn na Gaeltachta. Tá iompar curtha ar fáil gach lá isteach agus amach ón gColáiste.

Riachtanais

  • Caithfear an chéad bhliain sa mhéanscoil bheith críochanithe agat agus leibheal bunúsacha Gaeilge a bheith agat chun freastal ar Choláiste UISCE.
  • Caithfear eolas faoi riachtanais bia, sláinte nó oideachais a bheith curtha faoi bhráid an Choláiste.
  • Tá dualgas ar na scoláirí cloí leis an gcóras disciplíneach.
  • Caithfidh gach duine iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a labhairt i gconaí.

Each year I came home bursting with self confidence, amazing memories, heaps of new friends and of course a WHOLE new outlook grasp on the Irish language.

Aaron Kelly