Diansraith

Le Le fáil ar: Cúrsa Cásca agus Cúrsa E amháin

Cúrsa ar leith do lucht an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteiste atá ann, agus beidh na daoine a dhéanfaidh é lán le misneach agus muinín agus iad ag tabhairt faoi na scrúduithe sin ina dhiaidh.

Le scór bliain taithí ag rith cúrsaí Gaeltachta agus ag éisteacht le mianta ár gcustaiméirí dílis, tá áthas orainn deis a thairiscint duit freastal ar chúrsa Diansraith UISCE. Tá an cúrsa seo dearaithe chun freastal ar riachtanais scoláirí atá ag dul faoi scrúdú stáit i mbliana.

Má tá do fhócas príomhúil ar torthaí scrúdaithe a fheabhsú agus do chuid struis scrúdaithe, a laghdú seo an cúrsa duit!

Céard é Diansraith?

Rangaítear na ranganna chun freastal a dhéanamh ar riachtanais faoi leith scoláirí an Teastas Sóisearaigh agus Ardteist idir ardleibhéal agus gnáthleibhéal ar an gcúrsa seo. Cruthaíonn an cothromaíocht slaintiúil de dian-obair sa sheomra ranga ceangailte le gníomhaíochtaí eachtraíochta taitneamhach, suíomh dearfach ídéalach chun dul i mbun ullmhúcháin do na scrúduithe béil agus cluastuisceana.

Is é an cuspóir atá againn ná do chuid torthaí scrúdaithe a uasmhéadú tríd teicníní sainiúil agus cur chuige structúrtha a thabhairt duit.  Freastalaítear ar gach leibhéal cumais ar an gcúrsa Diansraith.

Uasmhéadaigh do chuid torthaí

D’éist muid lenár scoláirí le os cionn 20 bliain agus tuigeann muid an cabhair agus an tacaíocht a bhíonn ag teastáil sna scrúduithe stáit,. Is ionann an scrúdú béil Gaeilge anois agus 40% de na marcanna iomlán san Ardteist.  Leis an sraith shóisearach nua bunaithe ar mheasúnú leanúnach ar scileanna scríofa, labhartha agus éisteachta, tá an cúrsa seo foirfe chun na scileanna uilig sin a fheabhsú. Taréis dúinn dul i gcomhairle le scrúdaitheoirí Stáit, tagann an siollabas atá again go díreach leis an siollabas stáit agus mar sin tuigeann muid na dúshláin agus riachtanais a bhaineann le marcanna ard a bhaint amach ag an leibhéal sóisearach agus sinsearach.

Ullmhúcháin Scrúdú Béil agus aischothú

Beidh scoláirí tumtha sa Ghaeilge le linn an tréimhse in UISCE. Labhróidh siad Gaeilge ar an bhfarraige, sa sheomra ranga agus le linn na heachtraí uilig. An sprioc atá againn ná an teanga a dhéanamh inshroichte do scoláirí  agus suomh nádúrtha foghlama a chruthú chun an Ghaeilge atá acu a úsáid. Beidh ullmhúchán don scrúdú béil agus aischothú le linn an chúrsa. Ce go bhfuil an scrúdú béil roghnach ag leibhéal sóisearach faoi láthair, cuirfear ullmhúchán ar fáil do chách mar beidh gach scoláire ag dul faoin scúdú béil ag leibhéal sinsearach agus beidh sé seo mar bhuntáiste mór acu.

Tá siollabas UISCE leagtha síos i leabhar saothair atá cuimsitheach agus bunaithe ar riachtanais na scoláirí. Is féidir leis an scoláire an leabhar saothair seo a úsáid mar acmhainn staidéir taréis dóibh filleadh abhaile. Tugann chuile scoláire faoi scrúdú bréige béil agus téann tuairisc aischothú abhaile leo ag cur síos ar na laigeachtaí agus láidreachtaí atá acu.

It’s a really amazing place, the staff are really helpful and understanding and they have great experience. An amazing way to spend two weeks.

Jack Robert