Student Teachers
Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht
Tabharfaidh an cúrsa seo taithí luachmhar duit, a bheith ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht chomh maith le deis do chuid scileanna teanga, múinteoireachta agus sóisialta a fheabhsú.
Coláiste UISCE cén fáth?
- Foireann & Suíomh Gaelach, dearfach & spraíúil!
- Leabhar Saothair agus Leabhar Gramadaí saor in aisce!
- Béim ar an ngramadach agus an Ghaeilge bheo!
- Gaeilge ar ardchaighdeán!
Ranganna Teagaisc – Seisiúin na Maidine & Seisiúin an Tráthnóna
Is é cuspóir seisiúin na maidine ná scileanna foghlama teanga na mic léinn a fhorbairt trí thascanna éagsúla a chur i gcrích. Díreoidh na tascanna seo ar cheartúsáid na Gaeilge le béim ar leith ar labhairt na teanga agus ar an gcur chuige cumarsáideach.
Tabharfaidh na seisiúin seo deis duit obair a dhéanamh ar thascanna cruthaitheachta. Feicfear an chaoi gur féidir ealaín, ceol, corpoideachas agus drámaíocht a chomhtháthú le hábhair eile sa churaclam bunscoile agus leis an nGaeilge ach go háirithe. Tá an iliomad bealach ann leis an teanga a fhoghlaim agus a mhúineadh do pháistí.
Forbairt Phearsanta
Beidh oideachas bunaithe ar fhorbairt phearsanta agus féinmhuinín do Ghaeilgeoirí go mór chun cinn sa chúrsa seo. Bíonn- obair bhuíne, comhoibriú, scileanna cumarsáide agus fadhbréiteach i gceist leo.