Gaelta

Gaeilge bheo bhríomhar i gColáiste UISCE

Is ar fhorbairt cúrsai cumarsáide a chuireann muid béim i gcónaí agus is é seo fite fuaite le eachtraí uisce a thógann féin-muinín agus scileanna ceannaireachta chomh maith le forbairt foclóra fairsing. Is é Coláiste UISCE an t-aon Coláiste Gaeltachta atá creidiúnaithe ón gCumann Seoltóireachta na hÉireann agus Cumann Tonnmharcaíochta na hÉireann. Deimhníonn an creidiúnú seo go bhfaigheann do pháiste an caighdeán is fearr chomh fada le cóimheas teagascóir/scoláire 1:6, áiseanna buacachta, trealamh eachtraíochta uisce agus cáilíochtaí na teagascóirí. Sprioc na cúrsaí ná tú a chur ag caint as Gaeilge. Cuirfear feitheoireacht 24 uair a chloig ar fáil ó fhoireann maoirseoireachta oíche, múinteoirí, Ard-Chinnirí agus mná an tí chun cinntiú go bhfaigheann do pháiste an caighdeán cúraim is airde. Le linn na cúrsaí Samhraidh tá togha lóistín idir lóistín sa Choláiste agus lóistín le Bean an Tí.

Gaeilge

In aineoinn an mana spraíúil atá againn i leith na Gaeilge, tógann muid an cúram atá orainn ó thaobh caighdeán na Gaeilge in UISCE an dáiríre. Fostaíonn muid níos mór foirne feitheoireachta ná Coláiste ar bith eile sa tír chun caighdeán cuí a choiméad. Tá ár bpríomhoidí tiománta agus díograiseach chun atmaisféar Gaeilge amháin a chur i bhfeidhm sa Choláiste.  Tá Córas Disciplíneach soiléir agus trédhearcach i bhfeidhm againn chun cinntiú go dtuigeann chuile scoláir gurb í foghlaim na Gaeilge,  príomh-sprioc an chúrsa.

Ár gcúrsaí Gaeltachta

Samhradh

Seo an gnáth-cúrsa Coláiste UISCE, rangaítear scoláirí ar an oíche theachta. Freastalaíonn muid ar gach leibheal cumais ó leibhéal bunúsach go ardleibhéal agus cuireann muid fáilte roimh scoláirí sa chéad bhliain go dtí leibhéal na hArdteistiméarachta.

Cáisc

Is gearrchúrsa de chuid na cúrsaí Samhraidh é an Cúrsa Cásca atá dearaithe chun scoláirí a ullmhú don téarma deireanach ar scoil le ranganna faoi leith dóibh atá ag déanamh scrúduithe stáit. Tá uimhreacha níos ísle ar an gcúrsa seo chun ard aonair a chinntiú agus tá fáilte roimh scoláirí sa chéad bhliain go leibhéal na hAirdteiste.

 

Diansraith

Is ar an scrúdú cluastuisceana, scrúdú béil agus páipéar 1 agus 2 atá an Cúrsa Diansraith dírithe agus dá bharr is é an cúrsa ceart dóibh atá ag dul i mbun scrúdaithe stáit i mbliana. Tugann chuile scoláire faoi scrúdú bréige béil agus téann tuairisc ais-eolais abhaile leo ag cur síos ar na laigeachtaí agus láidreachtaí atá acu.

Ábhar Oidí

Is gá do Ábhar Oidí dhá thréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht agus leagann na Coláistí Oideachais amach na coinníollacha ó thaobh dátai de. Cuireann UISCE na cúrsaí seo ar fáil agus tá na heachtraí uisce roghnach ar an gcúrsa seo.

It’s a really amazing place, the staff are really helpful and understanding and they have great experience. An amazing way to spend two weeks.

Jack Robert