Cúrsaí

Gaeilge bheo bhríomhar i gColáiste UISCE! Tá suíomh dearfach foghlama cruthaithe againn ag ceangail an Ghaeilge le gníomhaíochtaí eachtraíochta i gcroílár Gaeltacht Mhaigh Eo.

Tá rogha trí chúrsa le fáil i gColáiste UISCE:

  • Cúrsaí Gaeltachta
  • Cúrsaí Ceannaireachta don aos óg
  • Cúrsaí scileanna

Cúrsaí Gaeltachta

Tá cothromaíocht foirfe idir gníomhaíochtaí eachtraíochta agus foghlaim ar na cúrsaí Gaeltachta atá le fáil againn. Tá na cúrsaí Gaeltachta seo ar an bhfód le fada anois agus tá cothromaíocht le fáil ar na cúrsaí céanna idir gníomhaíochtaí eachtraíochta agus an fhoghlaim a dhéantar sa seomra ranga. Freatalaítear ar gach leibhéal cumais ar n cúrsaí seo.  Ar an gCúrsa Diansraith, rangaítear na scoláirí de réir bliain scoile agus leibhéal cumais. Anuas ar chleachtadh cumarsáide laethúil, bíonn deis ag scoláirí atá ag dul i mbun scrúdú stáit, scrúdú béil cumsitheach a dhéanamh linn anseo. Tá rud éigin do chách in UISCE. Más cainteoir cumasach thú nó má bhíonn tú ag streachailt leis an nGaeilge ar scoil, tá an cúrsa ceart againn duit. Tá na cúrsaí seo ar fáil le linn aimsir na Cásca, na sosanna lár-téarma agus le linn míonna an tSamhraidh agus cuirimid fáilte is fiche roimh scoláirí dara leibhéal sa mheánscoil. Ritheann an cúrsa Ábhar Óidí dos na múinteoirí bunscoile faoi oiliúint um Cháisc agus is cúrsa idirghníomhach é le tréimhse 1 sa Ghaeltacht agus tréimhse 2 sa Ghaeltacht le fáil anois.

Cúrsaí Ceannaireachta don aos óg.

Creidimid ins an tábhacht forbairt pearsanta, féin muinín agus scileanna ceannaireachta an tábhachtach dúinn in UISCE

Tá na Cúrsaí Traenála scartha i 3 leibhéal éagsúla:

Is céimeanna chun cinn ar fhoireann UISCE iad na léibhéal seo.

Cúrsaí scileanna

Is cúrsaí seachtaine na cúrsa seo atá dírithe ar scoláirí ar ard-caighdeán Gaeilge ar mhaith leo dul chun cinn suntasach a dhéanamh sa sheoltóireacht, clársheoladh agus tonnmharcaíocht. Is cúrsa le eachtraí ar fad, gan ranganna Gaeilge é seo ach caithfear cloí le riail na Gaeilge agus gnáth-rialacha an Choláiste chomh maith. Is féidir so rogha eachtra a roghnú ón liosta a leanas.

  • Seoltóireacht
  • Clársheoladh
  • Tonnmharcaíocht

 

Each year I came home bursting with self confidence, amazing memories, heaps of new friends and of course a WHOLE new outlook grasp on the Irish language.

Aaron Kelly