Foireann

Tuigeann muid in UISCE gurb e an acmhainn is fearr atá againn ná an fhoireann. Fostaíonn muid níos mó foirne dos scoláire na aon Choláiste Gaeltachta, ionad eachtraíochta nó cúrsa teangan eile sa tír chun cinntiú go bhfuil an caighdeán is airde cúraim agus feitheoireachta curtha ar do pháiste.

I foireann cáilithe, tréitheach agus díograiseach foireann UISCE. Is muid an t-aon Coláiste Gaeltachta in Éirinn le foireann bainistíochta lán-aimseartha de 14 daoine.

Is iar-scoláirí an chuid is mó den fhoireann teagascóireachta agus múinteoireachta a cheapadh sa phost dá bharr díograis agus bealach dearfach dílse do Choláiste UISCE.

Is iar-scolairí iad na hArdchinnirí in UISCE chomh maith a leirigh ard-scileanna Gaeilge agus ard-scileanna ceannaireachta.

Freastalaíonn an fhoireann uilig ar chúrsaí traenála  ionas go mbeidh siad inniúil chun deileáil le déagóirí agus na fadhbanna a bhíonn acu agus chun cabhrú leo barr feabhais a bhaint amach sna heachtraí agus leis an nGaeilge.

Imríonn an fhoireann eochar-ról chun an manna, ‘Gaeilge bheo bhríomhar’ a bhaint amach. Tógann sé seo díograis, tiomantas agus fuinneamh gan teorainn.

Is ábhar ríthabhachtach dúinn cloí lenár gclú mar an Gaeltacht uimhir 1 sa tír le eachtraí uisce. Is féidir linn go muiníneach cinntiú e tuismtheoirí go bhfaigheadh a bpáistí an caighdeán is fearr ar muir is ar tír le linn a gcuid ama i gColáiste UISCE.

Poist i gColáiste UISCE

Academically my son’s Irish improved tremendously and he found the sporting experiences both challenging and rewarding

Clare Fallon, Gaillimh