Turais

Ionad UISCETar go UISCE ar turas
spleodrach! Más ócáid tógáil foirne do chomhghleacaithe oibre nó dinnéar
galánta do chlub spóirt atá tú ag eagrú, tá an paiceáiste ceart againn
duit.

Is ionad eachtraíochta Gaeltachta  ar leith é UISCE atá oscailte do scoileanna, ócáidí speisilata agus cliaint corpóráide ó thús Meán Fómhair go dtí deireadh mí Bealtaine..

Is feidir linn cúrsa a dhearadh bunaithe ar riachtanais do ghrúpa chun cinntiú go mbeidh turas fiúntach taitneamh agaibh linn.

Cuireann muid fáilte is fiche roimh gach uile grúpa agus thar na blianta bhí comórtais clársheoladh in UISCE, comórtais idir-ollscoile, cúrsaí traenála, simpóisiam spóirt agus bainis amháin fiú! Má tá tú réidh do dúshláin nua agus chun glacadh le d’eachtránaí inmheánach, cinnteoidh muid go bhfuil truas den chéad scoth agat.

Oideachas chomhshaoil, stairiúil agus cultúrtha. Education

Tá suíomh Colaiste UISCE agus ceantar Iorrais thar barr chun turas chomhshaoil, stairiúla nó cultúrtha a reachtáil. Tá suíomh thar barr againn chun turas allamuigh timpeallachta a reachtáil. Is limistéar faoin chaomhnú speisialta cuid den leithinis faoi threoir maidir le gathóga ón Aontas Eorpach. Tugtar aitheantas don éagsúlacht gnáthóige domhanda agus mara atá ann chomh maith le  méid plandaí agus speiceas ainmhíoch anamh agus an talamh portaigh atá gar deon leithinis..

Is saneolaí muid in UISCE ag meascadh na heachtraí spraíúil leis an nGaeilge.  Cuidíonn sé seo le scoláirí dearcadh dearfach nua a fhorbairt i leith na Gaeilge. A luaithe is atá meon an scoláire athruithe, bíonn an fhoghlaim i bhfad níos éasca. ‘Gaeilge bheo bhríomhar’ an mana atá againn agus tá breis is 20 bliain taithí againn ag cur cúrsaí sábháilte eachtraíochta Gaeilge proifisiúnta ar siúl. Turas bus beag agus beidh tú ag páirceana Céide ní i lár páirc náisiúnta Baile an Chruaich.

Áiseanna

Tá ceithre sheomraí ranga tirim agus fliuch, seomra bia fairsint agus cistin mór tráchtála, lóistín ar an suíomh do 110, balla dreapadóireachta laistigh, halla boghdóireachta, cúirteana cispheile agus faiche peile.

Má tá suim agat ins aon cheann de na turais a leanas ní mór ach an nasc a leanúint.

  • Turais idirbliana
  • Turas bunscoile nó meánscoile
  • Ócáidí speisialta
  • Imeachtaí corporáide

It’s a really amazing place, the staff are really helpful and understanding and they have great experience. An amazing way to spend two weeks.

Jack Robert