Cúrsa Traenála na nArdchinnirí

Posted by on Oct 16, 2014

Cúrsa Traenála na nArdchinnirí

“Mol an óige agus tiocfaidh sí”

Beannachtaí ó Coláiste UISCE. Ba mhaith linn tú a chur ar an eolas faoi Chúrsa Traenála na nArdchinnirí atá ag tosú in UISCE thar an briseadh lár-tearma mí Dheireadh Fómhair. Is é aidhm an chúrsa seo ná scolairí a ullmhú le haghaidh post an Ard Chinnire ar na chúrsaí samhraidh 2015. Tá go leor buntáistí bainteacht leis an gcúrsa agus cruthaíonn muid atmaisféar iontach dearfach sa choláiste ionas gur féidir le na scolairí na scileanna pearsanta seo a leanas a fhorbairt;

    • Scileanna idirphearsanta agus féinmhuinín a fheabhsú
    • Scileanna ceannasaíochta a fhoghlaim agus a fhorbairt
    • Scileanna réiteach fadhbanna a chleachtadh

Mar a dúirt ceann de na scolairí tar éis chúrsa i mbliana;

“Chuaigh mé abhaile ag pléascadh le féin-mhuinín”

Ag freastal ar an gcúrsa, gheobhaidh tú an deis;

    • Chun cur le do chumas Gaeilge labhartha agus scríofa
    • Scileanna agallaimh a chleachtadh le na múinteoirí anseo in UISCE.
    • Deis chun teastais molta a fháil don CV agus taithí oibre den scoth a fháil

Ina theannta sin, má éiríonn le do pháiste san agallaimh ag deireadh an chúrsa, beidh post mar Ard Chinnire Choláiste UISCE ar fáil dóibh i 2015. Cuireann an post seo go mór le scileanna ceannasíochta agus forbairt pearsanta an duine. Faigheann siad taithí leis an teanga nach feidir leo fáil in aon áit eile. Tá breis eolas ar fáil faoi Chúrsa Ceannaireachta don Aos Óg anseo, chomh maith le dataí agus costas an chúrsa.

Le meas

 

Claire nic oireachtaigh

Claire Nic Oireachtaigh,
Coláiste UISCE