Catamarán

Tús eolais faoi sheoltóireacht Catamarán.

De bharr éileamh ár gcustaiméirí dílis, tá cúrsa Tosnaitheoirí Catamarán le fáil  in UISCE anois.Tá an cúrsa seo dírithe dóibh siúd le taithí sa sheoltóireacht dingí agus atá réidh báid nua a thriáll agus scileanna nua a fhoghlaim. Cuireann na catamaráin, Dart 16 agus Hobie Cat deiseanna seoltóireachta níos tapúla ar fáil agus tú ag eitilt trasna Cuan Eilí ar cabhail amháin ar luas corraitheach. Mar chuid den chúrsa tógtar na scoláirí ar turais timpeall an bá.

Is beag an méid Clubanna Seoltóireachta agus ionaid Traenála sa tír seo a chuireann cúrsaí tosnanitheoirí i seoltóireacht Catamarán ar siúl. Is deis aonuaireach é an cúrsa seo duit i gColaiste UISCE.

Roimh duit clárú ar an gcúrsa, ba chóir go mbeadh seoltóireacht leibhéal 2 déanta agat nó cáilíocht i seoltóireacht dingí. Más rud é go bhfuil cúrsa Samhraidh déanta agat linn cheana féin, is féidir linne é sin a dheimhniú.

Tá brón orm, tá an leathanach seo le fáil i mBéarla amháin.

(English) Jack Robert