Eachtraí

Tá an Ghaeilge bheo bhríomhar agus taitneamhach i gColáiste UISCE. Leis an seomra ranga amuigh ar an bhfarraige, is muid an Choláiste Gaeltachta is fearr le eachtraí uisce. Téann na scoláirí abhaile le grá nua don teanga mar gheall ar an gcur chuige nuálach atá againn; eachtraí uisce a mhúineadh trí mheán na Gaeilge fite fuaite le ranganna Gaeilge idirghníomhach agus spraíúil.

Gaeilge bheo bhríomhar!

Is iad tonnmharcaíocht, clársheoladh, cadhcáil agus seoltóireacht I measc eachtraí eile na heachtraí a bhíonn ar siúl in UISCE. Caitheann scoláirí leath-lá  ag foghlaim na Gaeilge tríd eachtraí ar tír is ar muir agus an leath eile sa sheomra ranga idirghníomhach le múinteoirí Gaeilge cáilithe. Mar thoradh ar an gcóimheas teagascóir scoláire atá an íseal ag 1:6, faigheann chuile scoláíre an aird phearsanta a bhíonn ag teastáil chun barr feabhais a bhaint amach sa spóirt uisce chomh maith céanna leis an nGaeilge.

Seoltóireacht

Leis an bhfoscadh a bhíonn le fáil i gCuan Eilí, is suíomh idéalach é chun dul i mbun seoltóireachta a fhoghlaim.Tá teagascóirí seoltóireachta in UISCE creidiúnaithe ón gCumann Seoltóireachta na hÉireann Tá gach leibheál traenála ar fáil  ar an uisce agus teistíonn muid na scoláirí le teastais de chuid Cumann Seoltóireachta na hÉireann (ISA) bunaithe ar an leibheal atá bainte amach acu: Blas Seoltóirechta, Tosnaigh Seoltóireacht, Scileanna Bunúsacha agus Ag feabhsú.Leanaimid na siollabais atá leagtha amach ag an ISA agus cloímid leis na caighdeáin aird múinteoireachta agus sábháilteachta atá acu.

Is féidir le scoláirí fillte cur lena gcuid scileanna atá foghlamtha acu cheana fein agus an stampa cuí a fháil ón bpríomhteagascóirdon logleabhar fad is a bhogann siad ar aghaidh leis na leibhéil. Úsáidimid báid oscailte in UISCE, rud a chinntíonn dul chun cinn tapaidh i seoltóireacht.

Tá na báid seo le fáil go forleathan timpeall na tíre mar sin is féidir le scoláirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid atá foghlamtha nuair atá siad ar ais sa bhaile.

Catamarán

Cuireann na catamaráin, Dart 16 agus Hobie Cat deiseanna seoltóireachta níos tapúla ar fáil agus tú ag eitilt trasna Cuan Eilí ar cabhail amháin ar luas corraitheach. Mar chuid den chúrsa tógtar na scoláirí ar turais timpeall an bá.

Clársheoladh

Is é clársheoladh ceann de na spóirt is mó a bhfuil gean air. Tá deis ag foghlaimeoirí tosnú amach i gCuan Uí Mhuineacháin go dtí go bhfuil siad muiníneach go leor chun dul amach i gCuan Eilí ata béaldorais. Déanann an cruth crú capaill atá sa bhá, an suíomh idéalach don sheoltóireacht, is cuma cén treo a shéideann an ghaoth. Ar an taobh eile den leithinis, cúpla nóimead ó UISCE, tá coinníollacha foirfe dóibh siad le taithí ag clárseoladh. Is iad na tonntracha bhréideacha agus an an ghaoth leanúnach a mhealann iomaitheoirí ó fud fad na tíre chun na háite agus go dtí craobh tonn-seoltóireachta na hÉireann.

Meascann an spórt spraíúil seo na gnéithe is fearr de tonnmharcaíocht agus seoltóireacht in aon spórt amháin. Tugann sé an saoirseacht duit lúbóig aisiompaithe agus ainlúithe sníomhacháin agus léimeanna a dhéanamh atá dodhéanta i mbád seoltóireachta.

Tonnmharcaíocht

Is é Trá Eilí ceann de na háiteanna is mó a thaitníonn le lucht tonnmharcaíochta na tíre seo. Lonnaithe cúpla nóiméad ón ionad, soláthraíonn an trá seo coinníollacha foife tonnmharcaíochta do ghlantosnaitheoirí i rith an tSamhraidh agus oibrithe móra do na gairmithe ó Mheán Fómhair go Aibreáin.

Baineann na scoláirí taitneamh as léasadh a fháil san Atlantach fiáin ag fáil an láimh in uachtar agus máistreacht ar an spórt seo. Ta cultúr an tonnmharcaíochta faoi bhláth in Éirinn faoi láthair agus is cosúil go bhfuil gach duine idir óg agus aosta ag léiriú suime sa sceal.

Cuirimid cúrsa tonnmharcaíochta faoi leith ar siúl i rith an tSamhraidh agus bíonn an deis ag scolairí taiscéal a dhéanamh ar áiteanna tonnmharcaíochta eile ar an leithinis agus an deis a thapú an tonn mhór ghlas a mharcaíocht faoi dheireadh!

Balla Dreapadóireachta

Sa chás droch-aimsir ar an leithinis bíonn eachtra cinnte eile i gcónaí le fáil i gColáiste UISCE. Cúis bróid don Choláiste é an balla dreapadóireachta istigh san fhoirgneamh oideachais agus is eachtra coitianta é chun foscadh a chur ar fail dos na scoláirí ón mbáisteach, gaoth agus fuacht. Is beag an méid cabhrach a bhíonn ag teastáil chun na bealaí éagsúla (ó éasca go deacair) a thrasnú. Taréis an trealamh sábháilteachta a chur in iúl idir a téad, creab, úmacha agus clogaid, dreapann na scoláirí na ballaí idir na bealaí éasca agus dúshlánach. Tá bailiúcháin cluichí agus dúshláin ag na teagascóirí chun barr feabhais ar chur ar teicnicí dreapadóireachta na scoláirí agus chun caighdeán comórtais a choimead ard.

Ionad Boghdóireachta

Is spórt iontach é an boghdóireacht do gach aoisghrúpa agus leibhéal cumais. In UISCE cuirimid an Boghdóireacht ar siúl lasmuigh agus laistigh. Tá cluichí agus comórtais ag na teagascóirí oilte chun lámhachoirí a choiméad ar a mbairricíní agus chun scileanna a fhorbairt.

Eachtraí eile

In UISCE, cuirimid béim faoi leith ar thógáil foirne agus scileanna cumarsáide. Baineann na scoláirí idir taitneamh agus tairbhe as an bpunann ollmhór de  eachtraí atá againn I rith an lae:

Treodóireacht
Cispheil
Peil
Rugbaí leaiste
Siúlóidí treoraithe
Uas Fhriosbaí
Tóraíochtaí taisce

Academically my son’s Irish improved tremendously and he found the sporting experiences both challenging and rewarding

Clare Fallon, Gaillimh