Sábhailteacht

Príoracht 1 é an sábháilteacht in UISCE!

 Tugann Ciarán Ó Murchú faoi deara agus é mar thuismitheoir ar bheirt pháiste óga nach bhfuil aon rud níos tábhachtaí ná sábháilteacht ár bpáiste agus an dualgas cúraim don chustaiméar atá orainn.

Ag dul i ngleic leis an bhfreagracht seo, is é Coláiste UISCE an t-aon Coláiste Gaeltachta le creidiúiniú náisiúnta ón ISA (Irish Sailing Association)  agus an Cumann Tonnmharcaíochta. Táimid aitheanta chomh maith ag Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Oideachais. Ciallaíonn sé seo go bhfuil muid scrúdaithe go mini chun cinntiú go bhfuil muid ag cloí leis an gcaighdeán sábháilteachta ar na cúrsaí.

Éilíonn an caighdean seo

  • Go gcinntíonn go bhfuil Ráiteas Sábháílteachta i bhfeidhm san ionad agus leis na heachtraí ar fad.
  • Go dtarlaíonn rioscmeasúnú go minic chun uasgrádú a dhéanamh ar an Ráiteas Sábháilteachta agus seansanna timpistí a laghdú.
  • Go gcomhlíonann muid riachtanais na Cumainn Náisiúnta do na heachtraí uisce atá againn.
  • Go gcloíann muid leis an gcoimheas múinteoir scoláire do Sheoltóireacht agus Clársheoladh  1:6, Tonnmharcaíocht agus Caghaiceáil 1:8
  • Go gcinntíonn muid go bhfuil cáilíocht cuí ina réimse ag gach teagascóir agus go bhfuil siad cláraithe leis na cumainn náisiúnta.
  • Go gcinntíonn muid go bhfuil gach ball foirne réamhscrúdaithe ag an Gharda Síochána agus go bhfuil cúrsa cúram leanaí agus traenáil induchtú déanta acu.
  • Iniúchadh neamhspleách a chur agus a fháil ar trealamh, córias, modhanna múinte agus caighdeáin.
  • Go gcinntíonn muid go bhfuil córais oibriúcháin, polasaithe agus plean eigeandála i bhfeidhm.
  • Go gcinntíonn muid go bhfuil foireann ar tír ag maoirseoireacht ar eachtraí ar muir.
  • Go gcinntíonn muid go leantar tuairiscíocht timpiste go héifeachtach agus go bhfuil córas taifeadta i bhfeidhm.

Dá bhrí go bhfuil gealltanas leanúnach iomlánach do shábháilteacht againn, is féidir le tuismitheoirí agus scoláirí suaimhneas intinne a bheith acu ó thaobh caighdeán sábháilteachta in UISCE.

It’s a really amazing place, the staff are really helpful and understanding and they have great experience. An amazing way to spend two weeks.

Jack Robert