SCÉAL UISCE

Scéal agus stair UISCE

Tosnaíodh gach rud le linn an tSamhraidh 1988 sa chlub seoltóireachta an Fhainait, Co. Chiarraí. Nuair a shuigh Ciarán Ó Murchú, a bhí 18 mbliain déag d’aois ag an am isteach i mbád seoil GP14 don chéad uair le linn a chuid ama mar dhaltaí cabhlaigh, bhí a fhios aide go raibh rud draíochtúil taréis tarlú dó a n-athróidh a shaol go deo.

Tógadh cois farraige é Ciarán le gaoth leanúnach timpeall air agus níor thuig sé cén fáth nach raibh bád seoil feicthe agat ina áit dúchais.  Gheall sé dó féin taréis an oiread taitneamh agus eachtraíocht a bhaint as an seoltóireacht go raibh sé chun é a thabhairt ar ais go dtí a bhaile dúchais.

Bhí tionchar ollmhór ag an ráta dífhostaíochta ard sa cheantar ar Chiarán agus  scamall dubh na ochtóidí go ginearálta air sna mór. Ba uaillmhian mhór do Chiarán daoine a spreagadh chun oibre sa cheantar agus fostaíocht a chrthú ina cheantar dúchais. Leanna an rath fostaíochta seo sa cheantar fiú sa lá atá inniu ann sa chúlú eacnamaíochta. Tá ardmheas ar UISCE mar chomhlacht i gceantar Iorrais.

An comhabhar deireanach sa phota ná tuismitheoirí Ciaráin. Spreag an beirt chainteoirí dúchais Ciarán agus an ochtar páistí eile sa teach an Ghaeilge a labhairt sa mbaile agus iad ag fás aníos. Bhí Ciarán míréireach agus é ina dhéagóir agus bhí an Ghaeilge dheacair dó agus níor thuig sé a fiúntas.D’athraigh e seo go tobann agus é ar chúrsa Gaeilge leis an státseirbhís i gConemara agus é luath ina fhichidí. Bhí sé thar is a bheith buíoch dá líofacht agus thuig sé ce chomh luachmhar is a bhí an Ghaeilge mar acmhainn náisiúnta agus mar chuid dár n-oidhreacht agus cultúr a bhí inti.  Taréis dó an cúrsa i gConemara a dhéanamh, bheartaigh Ciarán a chroí a leanúint agus an bród agus an fonn a bhí aige don teanga a scaipeadh. Thosaigh se ag tabhairt faoin tógra chun an spraoi a thabhairt isteach sa  Ghaeilge. Bhí coincheap UISCE ag fás – Spórt Trí Ghaeilge.

Le linn an tSamhraidh 1991, bhuail Ciarán le innealtóir óg dinimiciúil ó Chóbh, John Mc Namara. Bhreathnaigh Ciarán agus John ar na féidearthachtaí UISCE a bhunú i mBéal an Mhuirthead. Ceithre mhí níos déanaí agus bunaithe ar thorthaí an staidéar féidearthachta, cheannaigh siad trealamh spóirt uisce ar luach €10,000.Ní raibh aon dul as anois! Rugadh UISCE ar chladach Cuain Eilí

Reachtáladh an céad cúrsa um Cháisc sa bhliain 1992 agus bhí costas £2 in aghaidh an lae ag déanamh eachtraí uisce.

Le tacaíocht ó athair Ciarán Gearod Ó Murchú, múinteoir Gaeilge, tógadh an cinneadh an Ghaeilge a thógáil istach sa scéal. Ba phílót lán-aimsearath é  Ciarán fós ag an am agus bhí air brath go mór ar an mhuintir chun an gnó a rith. Caithfear máthair Chiaráin, Máirín a mholadh as an obair mhór a rinne sí ar riaracháin an chúrsa ag an am.D’eirigh léi cabhrú le UISCE agus clann a thógáil ag an am céanna – is féidir leat brath ar do mhamaí i gcónaí nuair is gá!
Sa bhliain 2000, shocraigh Ciarán agus a bhean céile Máire an seasmhacht agus an compord a bhain lena saol agus poist buan stáit i mBaile Atha Cliath a fhágáil chun dul siar agus UISCE a fhorbairt. Bhí siad ag tabhairt faoin aistear corraitheach chun an céad ionad eachtraíocht Gaeilge a bhunú sa tír.

Tosnaíodh tionscnamh athchóirithe le buiséad £600,000 chun an suíomh agus na foirgnimh a fhorbairt. Bhí an obair a bhí chun dhá bhliain a thógáil, críochnaithe laistigh de naoi mhí mar thoradh ar an bhfuinneamh agus díograis dochreidte léirithe ag na tógáilí áitiúla. Inniu, is féidir toradh na hoibre sin uilig a fheiceáil le ionad den chéad grád le 27 seomraí codlata, 5 sheomraí ranga, cistin mór proifisiúnta agus seomra bia, seomraí feistis srl. D’oscail Ciarán agus Máire na doirse go bródúil ar an 1 Meitheamh 2001.

Leanadh tuilleadh forbartha. Thosaigh UISCE ag feidhmiú lasmuigh den shéasús an tSamhraidh. Cuireadh fáilte roimh ghrúpaí scoile, comórtais eachtraí uisce agus ócáide corporádaigh ó Mheán Fómhair go mí an Mheithimh. Leanann UISCE ag dul ó neart go neart mar cheannródaí agus í mí Meán Fómhair 2013, d’óstail muid cúrsa induchtú de chuid MBA ó Choláiste na Trionóide.

Sa lá atá innin ann, tá foireann cáilithe agus tréitheach san ionad. Is iar-scoláirí, ceannairí, múinteoirí agus teagascóirí iad go leor foirne ag obair le chéile ag leanúint le Fís UISCET (hyperlink anseo),.

Firicí Stairiúla Spéisiúla;-

  • Sa bliain 1740 Rugadh Riocaird Bairéad (file ‘Preab san Ól’) agus Eoin Cóir (aorthóir Gaelach / Glámh) anseo – ach leis an bhfoirgneamh é fhéin, a tógadh níos mó ná seachtó bliain ó shin.
  • Bunaíodh an baile fearainn ‘Barrack’ san 19ú aois. Sa Chéad Chogadh Domhanda, seoladh Oifigigh na Breataine anseo chun sos a ghlacadh.
  • Thóg Gardaí Cósta na hÉireann an sleamhnán atá fós in úsáid timpeall 1900.
  • Tógadh an foirgneamh mar mhonarcha ‘Crolly Dolls’, faoi chúram Údarás na Gaeltachta sa bhliain 1938, tionscal tábháchtach don cheanntar go dtí gur dúnadh é i 1971. Is é an foirgneamh is sine riamh faoi chúram an Údaráis.
  • Osclaíodh doirse an fhoirgnimh arís i 1973 mar mhonarcha d’eadaí leanaí. Déanadh pluideoga linbh ‘Babygro’ & ‘Childrensworld’ agus lean an tionscal seo ar aghaidh go 1983. Glaoitear ‘the factory’ air go háitiúil fós.
  • Thosaigh UISCE san ionad i 1992, nuair a bhí costas £2 ann do pháiste áitiúil teacht ar chúrsa deireadh seachtaine. Bhí 30 scoláire ar an gcúrsa ag an am sin.
  • Cheannaigh UISCE an suíomh go hoifigiúil ó Údarás na Gaeltachta i 2000, nuair a thosaigh an fhobairt mhór le buiséad £600,000.  Sa deireadh chosnaigh an forbairt seo os cionn £800000.
  • Faoi láthair tá os cionn 15 duine lán aimsearta fostaithe ag UISCE agus tá an gnó ag dul ó neart neart.

 

Each year I came home bursting with self confidence, amazing memories, heaps of new friends and of course a WHOLE new outlook grasp on the Irish language.

Aaron Kelly